TG4

About TG4

Is cainéal náisiúnta teilifíse í TG4 agus is eintiteas reachtúil neamhspleách í (Teilifís na Gaeilge).  Tá an cainéal ag craoladh ó Oíche Shamhna 1996.  Cainéal saor go h-aer í atá ag dáileadh ar fud na hÉireann agus go domhanda ar an Seinnteoir.

Féachann 650,000 duine sa Phoblacht ar an meán ar an gcainéal agus sáraíonn an fhigiúir sin an milliún ar na mór laethanta féilire, leithéidí Lá ‘le Pádraig agus Lá Nollag.

Infheistíonn TG4 os cionn €20m sa mbliain i gcláir nua Gaeilge ón earnáil neamhspleách léiriúcháin in Éirinn.  Cothaíonn an caiteachas seo 350 post i gcomhlachtaí beaga príobháideacha ar fud an oileáin.

Tá aitheantas náisiúnta agus gradaim agus duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta faighte go leanúnach ag cláir agus pearsain TG4. Tá siad ceannaithe agus craolta craoltóirí thar lear freisin. Tá ábhar craolta Gaeilge an chainéil ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 ina bhfuil idir bheo-sholáthar agus chartlann.

Tá foireann 80 duine, ó gach ceard d’Éirinn, fostaithe ag TG4 ina Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara.

Tá tábhacht ar leith leis an bhfostaíocht ardscile a chothaíonn TG4 sna Gaeltachtaí. Tá an tseirbhís ar cheann de na hinfheisteoirí is mó agus is tábhachtaí do thodhchaí na Gaeltachta.

 

This recruiter is not currently advertising. Why not try our job search?